€740,000 ceadaithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, - TopicsExpress



          

€740,000 ceadaithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., chun Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil in 2014/15. D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas, ar fiú €740,000 in iomlán é, ceadaithe aige do Mhuintearas agus dOidhreacht Chorca Dhuibhne chun cur ar a gcumas Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil don scoilbhliain 2014/2015. “Is céim shuntasach eile é seo i bhfeidhmiú an Chláir Tacaíochta Teaghlaigh,” a dúirt an tAire Stáit. “Nuair a seoladh an Clár sin i mí Aibreáin 2012, tagraíodh don tábhacht a bhí le cur chuige leasaithe chun tacú go praiticiúil le teaghlaigh Ghaeltachta a bhfuil a bpáistí á dtógáil acu le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Mar gheall ar an gcúnamh atá á fhógairt inniu, beidh ar chumas an dá eagraíocht a riarann Scéim na gCúntóirí Teanga leanúint orthu ag tacú go gníomhach le caomhnú agus neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht.” Dúirt an tAire Stáit gur cúis sásaimh dó é go bhfuil an Roinn tar éis cur leis an scéim seo le blianta beaga anuas. Nuair a cuireadh tús leis an scéim, bhí na cúntóirí ag díriú orthu siúd nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu ach anois, cuidítear fosta le páistí a bhfuil an teanga acu cheana féin í a shaibhriú. Imríonn an scéim tionchar ar nósmhaireacht teanga na scoláirí agus cinntíonn sí go mbíonn an Ghaeilge in úsáid mar ghnáth-theanga chumarsáide, ní hamháin sa seomra ranga ach i gclós na scoile fosta, a dúirt an tAire Stáit . -------------------------------------------------------------------------------- €740,000 sanctioned by Minister of State for the Gaeltacht, Joe McHugh T.D., for the Irish-Language Assistants Scheme in 2014/15. Minister of State for the Gaeltacht, Joe McHugh T.D., today (12 September, 2014) announced that he has sanctioned a grant of €740,000 in total for Muintearas and Oidhreacht Chorca Dhuibhne for the 2014/2015 school year to run the Irish-Language Assistants Scheme. This is another significant step in the implementation of the Family Language Support Programme, said the Minister of State. “When that Programme was launched in April 2012, reference was made to the importance of an amended approach to the practical support of Gaeltacht families who are raising their children through Irish or who wish to do so. The grant announced today will enable the two organisations that administer the Irish-Language Assistants Scheme to continue to actively support the preservation and strengthening of the Irish language in the Gaeltacht. The Minister of State said he was pleased that the Department has expanded this scheme in recent years. When the scheme began, the assistants focussed on those who didnt have any Irish but now, children who already speak the language are being helped to enhance it. The scheme influences the language habits of students and ensures that Irish is used as the main language of communication, not just in the classroom but in the schoolyard as well, said the Minister of State. Full allocation of funds is detailed in the attached document below.
Posted on: Fri, 12 Sep 2014 11:53:36 +0000

Trending Topics



Recently Viewed Topics




© 2015