An bhfuil bailiúchán suimiúil agat i do theach nó i do - TopicsExpress



          

An bhfuil bailiúchán suimiúil agat i do theach nó i do scioból? An bhfuil earraí nó rudaí stáiriúla bainteach le stair an pharóiste agat? Tá sraith úr ó TG4 ag teacht ar chamchuaird go An Mullach Bán ar an 17ú & 18ú lá do Mí Iúil agus tá muid ag lorg earraí pearsanta agus rudaí stairiúla le chur in iarsmalann do lá amháin. Thig leis na h-earraí seo a bheith óg nó sean ach caithfidh said scéal pearsanta agus scéal na h-áite a insint. Tá muid ag cuartú éarraí a bhfuil baint acu le himeachtaí stairiúla, eachtraí cáiliúla, daoine mór le rá nó gnóthaí agus tionscail áitiúla le stair ná h-áite a nochtú. Ma tá rudaí agat a shíleann tú atá suimiúil, cur scairt ar Phroinsias nó Sara ag 004428 9042 7646 nó seol r-phoist chuig sara@waddellmedia nó proinsias@waddellmedia
Posted on: Wed, 26 Jun 2013 09:12:50 +0000

Trending Topics



Recently Viewed Topics




© 2015