Lovely wee video supporting Console here of Enda Kenny reading The - TopicsExpress



          

Lovely wee video supporting Console here of Enda Kenny reading The Night Before Christmas in English and as Gaeilge. From youtu.be/w6ioe1QRJVk Twas the night before Christmas, when all through the house, Not a creature was stirring, not even a mouse, The stockings were hung by the chimney with care, In hopes that St Nicholas soon would be there. The children were nestled all snug in their beds, While visions of sugar plums danced in their heads, And Mam in her handkerchief, and I in my cap, Had just settled our brains for a long winter’s nap. Le clagarnach chlamprach amuigh ar an bhféar, Do léimeas ón leaba faoin torann go léir, Amach chuig an bhfuinneog mar lasrach teasaí, Ag oscailt cuirtíní le bualadh mo chroí. Solas na gealaí ar shneachta na hoíche, Mar loinnir gheal ghléine ar an dúiche seo choíche, Ba mhealltach an radharc é romham amach, Carr sleamhnáin bídeach, is ocht réinfhia stalcach’. Le tiománaí seanchaite, chomh biorbach briosc, Cérbh é an fear úd sin ach San Nioclás! Níos tapúla ná iolair ag teacht chugam an treo, Ag feadaíl, is ag béiceach, is á dtreorú trí cheo: ‘Nois, Dasher! ‘nois, Dancer! ‘nois, Prancer ‘gus Vixen! Tar, Comet! Tar Cupid! Tar, Donner ‘gus Blitzen! Chuig barr an phóirse! Chuig barr an chlaí! Anois imigí! Imigí! Fán na gealaí! Mar dhuilleoga ag eitilt le fuinneamh na gaoithe, Suas chun na bhflaitheas ina maireann na ríthe, Go barra an tí d’eitilíodar go pras, Le hualach bréagán agus San Nioclás. I bpreabadh na súl, ar an díon os mo chionn, Bhí fothram pramsach is léimneach na gcrúb. Ag casadh mórthimpeall, le gcliondar im’ chroí, Chonaic San Nioclás ar an talamh ina shuí. Bhí sé gléasta i bhfionnadh, óna cheann chuig a chosa, Is ó luaithreach an ghuail a chuid éadaigh salach, Beart mór bréagán bhí aige caite thar a dhroim, Mar spailpín beag fánach gioblach lom. A shúile- chomh ceolmhar! A mheanga chomh binn! A leicne mar rósaí, a shrón mar shilín! A bhéilín beag bídeach mar bhoghuirlis bheag, Chomh bán leis an sneachta an fhéasóg ar a smig. An stumpa de phíopa idir fiacla go dlúth, Le deatach thar a cheann mar choróin a chlú, Ba leathan a aghaidh ‘gus ba chomhchruinn a bholg, Mar ghlóthach ag crith le gáire na Nollag. Bhí sé plucach is ramhar, an sean-síofra meidhreach, Soilbhir, suaimhneach ach cuma saghas taibhseach, Le caochadh na súl agus casadh a chinn, Thug an fear deas macánta sonas don domhan. Chuaigh chun na hoibre le ciúnas a bhéil, Ag líonadh na stocaí le hábhar an tsaoil, Ar thaobh a shróine do leag sé a mhéar, Suas leis an simléar, suas chun na spéir. Shuigh sé sa chairt, is ghlaoigh ar a shlua, Is d’imíodar leo gan deacracht ná dua. Ach do chuala é á rá, is é ag imeacht na slí, “Nollaig Shona do chách, anois téigí in bhur luí” Consoles national 24/7 suicide prevention helpline provides free professional counselling, support, advice and information for anyone in suicidal crisis or who has been bereaved by suicide. Contact Console on freephone 1800 247 247. For more information visit console.ie/
Posted on: Tue, 23 Dec 2014 17:56:55 +0000

Trending Topics



Recently Viewed Topics




© 2015