Tá Scoil Acla, an scoil samhraidh is sine sa tír le breis is - TopicsExpress



          

Tá Scoil Acla, an scoil samhraidh is sine sa tír le breis is céad bliain ar an bhfód, ar ais i mbliana ó 26ú Iúil go dtí 2ú Lúnasa. Osclóidh Piaras Ó Raghallaigh ó Irish TV an féile go hofigiúil ar an Luan, 28ú Iúil, i dteach Gieltys i Dú Acha, Oileán Acla, Co Mhuigheo. Ceiliúradh ar an gcultúir Gaelach a bheidh ann sa féile seo. I measc na n-imeachtaí beidh ranganna laethúla cheoil ar uirlisí eagsúla: an bosca ceoil, an banseo, an fheadóg mhór, an consairtín, an fhidil, an cláirseach, an fheadóg stáin, an phíb uileann agus an bodhrán. Tá na ranganna seo oiriúnach d’óg agus d’aosta, do shaineolaithe, do dhaoine a bhfuil taithí acu agus dóibh siúd gan táithí ar bith. Tá meascán idir mhúinteoirí áitiúla agus ceoltóirí atá clú agus cáil air ó áiteanna eile, daoine go léir le taithí agus tuairisc ó thaobh theagaisc agus seanma de. Is é Kieran Hanrahan, an ceoltóir conaithe i mbliana agus gan dabht beidh sé ag seinm ceol iontach blasta ag na ceolchoirmeacha agus na ranganna i rith na seachtaine. Tá rud éigin do ghach duine a bhfuil suim acu i gceol agus i gcultúr. Beidh ceardlanna i scríbhneoireacht, rince, ealaíona, amhranaíocht ar an sean nós, sníomh chise agus an cúrsa Gaeilg’ Acla (canúint Ghaeilge a bhaineann leis an áit seo, a chuireann in iúl cultúr uathúil an oileán). Chomh maith lena cúrsaí agus na ranganna cheoil, tá ceolchoirmeacha, léamha filíocht agus scríbhneoireacht cruthaitheach, seisiúin, siúlóidí agus léachtaí in áiteanna eagsúla ar fud an oiléan. Beidh ceolchoirm iontach ar siúl ar an Aoine, 1ú Lúnasa ag 8.30 in Ostán Wavecrest. Ar an Satharn beidh teaspántas ag Scoil Acla Aeraíocht ag a dó a chlog san iarnón lasmuigh den teach tábhairne “Achill Head Hotel” i bPollach, ceolchoirm atá soar in aisce. Muna bhfuil a ndóthain sa mhéad sin, tarlóidh chuile rud ar chúlra álainn sléibhte, aillte agus tránna Acla, cúig trá Bhrataí Ghoirme ina measc. Beidh rud éigin ar fail do ghach duine idir óg agus aosta, mar shampla cnocaideoireacht agus gníomhartha eile, iascaireacht, péinteáil, marcaíocht, surfáil, clársheoladh, agus tumadóiracht scuba san áireamh. Ina theannta sin tá Glasbhealach Mór an Iarthair, an chonair shiúil agus rothaíochta easbhóthair is faide sa tír, sa cheantar freisin. Tá an clár iomlán ar fáil ar scoilacla Seiceáil amach é.
Posted on: Tue, 15 Jul 2014 16:21:17 +0000

© 2015