Tá comharthaí bóthair ó dheas le fágáil sa riocht - TopicsExpress



          

Tá comharthaí bóthair ó dheas le fágáil sa riocht frithGhaeilge, leathdholéite ina bhfuil an mhórchuid acu. Bheinn buíoch dá seolfadh sibh an teachtaireacht seo thíos le brú a chur orthu siúd atá i gceannas an scéal a réiteach le comharthaí dátheangacha a bhfuil comhseasamhacht iontu don Ghaeilge a chur in airde, go; [email protected], [email protected], [email protected], [email protected] (cuir na seoltaí i bcc) A chairde, Ba mhaith liom gearán a dhéanamh faoi stádas reatha na Gaeilge ar chomharthaí bóthair. Ba chóir don Ghaeilge a bheith ar chomhchéim leis an mBéarla. Anuas air sin tacaím le moltaí Chonradh na Gaeilge gurbh fhearr clófhoireann ar leith a úsáid, atá níos infheicthe agus litreacha beaga os iad is inléite agus go mbeadh dhá dhath ar leith ann don dá theanga. Is ait liom nár tháinig moladh mar seo uaibh féin cheana os rud é gurb é sin an cur chuige is fearr i dtíortha eile. Anuas air sin tagraím dó seo a thugann le fios gur seo atá ó fhormhor an phobail tuairisc.ie/61-ag-iarraidh-comhstadais-don-ghaeilge-ar-chomharthai/ Is mise,
Posted on: Tue, 21 Oct 2014 16:15:16 +0000

Trending Topics



Recently Viewed Topics




© 2015